Tá oileán Dubhthaigh (Dúiche) amuigh ar chúl oileán Inis Bó Finne agus ba manaigh a bhí ann ar dtús, as Inis Caoil a tháinig siad. Bhí stoc acu agus ag obair an talaimh ansin, níl a fhios aige c’uair a d’fhág siad. Scéal faoin chorp a fuarthas ar an oileán, i ngarraí beag ag taobh theach an phobail, deirtear gur Naomh Dubhthach a bhí ann nuair a tháinig an corp go uachtar an talaimh. Bhíodh an t-oileán lán coiníní ach ní théann ceann ar bith acu isteach sa gharraí beag seo, níl aon cheann ann anois , measann sé gur tháinig aicíd orthu agus gur bhfuair siad uilig bás. Bhí cúpla teach ar an oileán fosta. Ghlac fear de chuid Uí Cholla máistreacht ar an talamh. Níl duine ar bith ina gcónaí ar an oileán anois , ní raibh áit sábháilte bád ann. Fuarthas cloch taobh istigh de dhoras theach an phobail ar an oileán seo, a raibh poll déanta isteach inti, cloch eibhir a bhí ann fá choinne uisce coisricthe. Thug an sagart an chloch seo isteach go Inis Bó Finne. | 00:08:14 | |